gus-o-gorman

Bhí brón orainn nuair a fuaireamar amach faoi bhás Gus Uí Gormáin an tseachtain seo caite.
Bhunaigh Gus Ó Gormáin, Seán Ó Treasa (1928-2005) agus Karin Austin an Montreal Irish Language Study Circle, nó “Comhrá” mar a thugtar anois air.
Táimid ar fad go mór faoi chomaoin aige as ucht a thiomantas pearsanta do theanga agus cultúr na nGael; as an bhfís aige ranganna teanga a chur ar fáil ar phraghas réasúnta; agus as a shástacht cultúr na nGael a chur chun cinn thar lear.
Murach Gus agus a chairde, is dócha nach mbeadh labhairt na Gaeilge ag an gcuid is mó de bhaill Chomhrá inniu.
Duine séimh agus cineálta ab ea é, agus mairfidh ár gcara Gus inár gcuimhne go deo.
Ar dheis Dé go raibh a anam dílis.

We are sorry to learn that Gus O’Gorman passed away last week.
Gus O’Gorman, Seán Treacy (1928-2005) and Karin Austin founded the Montreal Irish Language Study Circle, or Comhrá, as it came to be known.
We are all deeply in his debt for his commitment to Irish language and culture, his vision of affordable and available language classes, and his readiness to help and assist the cause of Irish culture abroad.
Most of us at Comhrá would not be speaking Irish today were it not for Gus and his friends.
He was a kind soul, and a friend. He will be in our memory forever.
Ar dheis Dé go raibh a anam dílis.